Sacar

Tá foireann buachaillí agus cailíní ag imirt sacar i gcóir Gaelcholáiste Chomáin

Foireann Sacar na mBuachaillí

Ó thosaigh sacar sa scoil cúpla bliain ó shin tá sé tar éis dul ó neart go neart. Cuirtear isteach ar chomórtas scoileanna an F.A.I. gach bliain. Tá baint ag an scoil leis an chlub sacar áitiúil Corrán Buí Aontaithe agus ár mbuíochas leo i gcóir a gcuid tacaíocht. Glacann ár scoil páirt I go leor laethanta blitz I rith na bliana ar “Astroturf” nó sna hallaí spóirt áitiúil. Déanann sé seo cinnte go mbíonn cuid mhaith cluichí againn.

Foireann Sacar na gCailíní

Tá foireann sacar na gcailíní ag dul ó neart go neart gach bliain. Eagraítear cluichí gach bliain idir na scoileanna áitiúil. Blitz a bhíonn I gceist agus imrítear na cluichí sna hallaí spóirt áitiúil agus taobh amuigh ar na páirceanna Astroturf. Tá an traenáil agus díogras atá a thaispeánann na cailíní don sacar thar cinn.