Imeachtaí

STEAM

Tá sé mar sprioc ag Gaelcholáiste Chomáin go nglacann daltaí páirt sna comórtais náisiúnta eolaíochta cosúil le Scifest agus BT Eolaí Óg, Dúshlán MATHletes, comórtas ealaíne agus innealtóireachta. Táimid fíor bhródúil go bhfuil go leor iomaitheoirí agus buaiteoirí STEAM le taithí dhearfacha i measc na daltaí i nGaelcholáiste Chomáin thar na blianta.

Ceol & Dramaíocht

Tá ról mór ag an Ceol agus Dráma I nGaelcholáiste Chomáin. Tá Ceol mar ábhair roghnach ar an churaclam scoile. Cuirtear ceolchoirm ar siúl gach Nollag agus deis ag na scoláirí uilig páirt a ghlacadh ann. Soláthraíonn sé seo deis do na daltaí go léir sa scoil a gcuid scileanna ceoil agus aisteoireachta a dhéanamh foirfe. Bíonn léiriúchán na Nollaig an rathúil, tarraingíonn an cheolchoirm go leor daoine ó phobal na Scoile gach bliain. Ó thaobh an Drámaíocht de, léiríonn an Idirbhliain dráma as Gaeilge gach bliain agus cuirtear ar stáitse in Áras Inis Gluaire é I rith Seachtain na Gaeilge.

Peil Gaelach & Sacar

Tá traidisiún fada Peil Ghaelach ag Gaelcholáiste Chomáin agus is í an spóirt í is rogha le líon mór de dhaltaí na scoile. Freastalaítear ar na haoisghrúpaí ar fad i gColáiste Chomáin agus tá foirne buachaillí agus cailíní ann atá díograiseach agus dírithe ar na scileanna peile atá acu a fhorbairt. Duine den fhoireann a thraenálann gach foireann agus cuireann oifigigh forbartha ó CLG Mhaigh Eo a gcuid scileanna ar fáil chomh maith chun an chéad ghlúin eile de pheileadóirí Mhaigh Eo a chóitseáil. Tá moladh mór le fáil ag na cumainn áitiúla, CLG Chill Chomáin, as an obair mhór a dhéanann siad chun na himreoirí breátha atá sa cheantar seo a chur chun cinn.

Bíonn daltaí na scoile seo san iomaíocht i gcomórtais Mhaigh Eo agus Chonnacht chomh maith le bheith páirteach i mblitzchomórtais a bhíonn ar siúl i rith na scoilbhliana.

Tá foireann buachaillí agus cailíní ag imirt sacair do Ghaelcholáiste Chomáin.

Tá na foirne sacair ag dul ó neart go neart sa scoil ó cuireadh tús leis. Cuirtear isteach ar chomórtas scoileanna an F.A.I. gach bliain. Glacann an scoil páirt in go leor laethanta blitz i rith na bliana ar “Astroturf” nó sna hallaí spóirt áitiúla. Ar an gcaoi sin, cinntítear go mbíonn neart cluichí againn.

Leadóg Bhoird

Thosaigh comórtais Leadóg Bhoird I nGaelcholáiste Chomáin roinnt blianta ó shin. Bíonn an scoil bainteach sna comórtais scoileanna. Freisin, bíonn iomaíocht cairdiúil idir ár scoil agus Coláiste Pobail Acla gach bliain agus tugann muid cuairt ar a chéile. 

Tosaíonn an traenáil sa gheimhridh le áiseanna den scoth chun tús áite a thabhairt don chluiche seo. 

Púl

Tá Iorras cáiliúil i gcóir go leor rudaí: ceann acu sin ná a n-imreoirí phúil. Glacann Gaelcholáiste Chomáin páirt I gcomórtais Tuaisceart Mhaigh Eo idir bhuachaillí agus chailíní gach uile bhliain agus éiríonn go maith linn. Tá an chorn buaite againn ar dhá ócáid go dtí seo agus ní scaoilfaidh muid uainn é go h-éasca arís.

Díospóireachtaí

Tugann na díospóireachtaí anseo ag Gaelcholáiste Chomáin ábaltacht dár scoláirí a dtuairimí a chur I láthair go hoscailte agus go soiléir. Tá daltaí in ann páirt a ghlacadh I ndíospóireachtaí ag leibhéal áitiúla agus náisiúnta chomh maith le díospóireachtaí scoile. Déanann na díospóireachtaí maitheas don dalta ar go leor leibhéal. Ní hamháin go gcabhraíonn sé leis na ndaltaí a thaobh den rúin a thapú ach cuireann sé ar a gcumas éisteacht go criticiúil agus a gcuid tuairimí a chur in iúl go bríomhar.

Seachtain na Gaeilge

Is ceiliúradh bliantúil é Seachtain na Gaeilge. I nGaelcholáiste Chomáin creidimid go bhfuil sé tábhachtach an ócáid seo a cheiliúradh agus deis a thabhairt don teanga Gaelach a fhorbairt trí bealaí difriúil, ag spreagadh eachtraí shóisialta, acadúil agus ealaíne.

Spreagann muid Seachtain na Gaeilge ar bhealaí éagsúla:

  • Díospóireachtaí Gaeilge
  • Dráma trí Gaeilge
  • Cór
  • Tráth na gceist
  • Céilithe
  • Gearr-scannáin Gaeilge
  • Comórtas Ealaíne bunaithe ar seanfhocal Ghaeilge
  • Clár Raidió trí mhean na Gaeilge.
  • Cluichí scoile
  • Siúlóidí Stairiúla sa cheantar aitiúil

Gaeilge 24

Is í aidhm an deis bhliantúil Gaeilge 24, ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a’ chloig. 

Trí ghníonhachtáí éagsúla, Cuideofar le hintinn na ndaoine óga a oscailt agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin. Freisin, is deis faoi leith atá ann an Ghaeilge a thógáil amach ón seomra ranga Gaeilge.