Fáilte ón bPríomhoide
Fáilte róimh chuig súiomh Idirlíon Ghaelcholáiste Chomáin. Gheobhaidh sibh eolas ar an suíomh seo faoi réimse leathan de ghnéithe éagsúla de shaol an Choláiste, idir gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim. Is scoil Ilchultúrtha, co-oideachasúil muid, atá suite i gcroílár Ghaeltacht Iorrais i gCondae Mhaigh Eo, ina bhfuil an teagasc agus an foghlaim uilig trí mhean na Gaeilge.
‘Sé an fhís atá againn do Ghaelcholáiste Chomáin ná go mbeidh sé mar sár ionad oideachas do na glúinte atá le teacht; ní hamháin do phobal Chill Chomáin, ach do phobal Iorrais uilig, ag caomhnú an saibhreas Teanga ata sa cheantar le breis agus dhá mhíle bliain.