Foghlaim

Teastais Shóisearaigh Clár Scoile (JCSP)

Is éard atá sa chlár ná idirghabháil laistigh de Chlár an Teastais Shóisearaigh. Cuireann sé creat curaclaim ar fáil a chabhróidh leis an scoil agus le múinteoirí aonair cur chuige dalta-dhírithe a ghlacadh i leith an Teastais Shóisearaigh.

Tá Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh bunaithe ar an gcoincheap go bhfuil sé de chumas ag gach duine óg rathúlacht a bhaint amach agus gur féidir leo taithí dhearfach a bheith acu sa scoil. Tá Clár an Teastais Shóisearaigh deartha lena chinntiú gur féidir le daoine óga leas a bhaint as a gcuid ama sa scoil agus taitneamh a bhaint as an bhfeabhas a thagann orthu. Leagtar béim ar fhoghlaim ghníomhach agus ar fhorbairt scileanna bunúsacha sa chlár.

Forbraíonn an clár cur chuigí comhsheasmhacha maidir le:

  • Féin-mhuinín a thógáil
  • Rannpháirtíocht agus aiseolas daltaí
  • Dearbhú daltaí
  • Disciplín
  • Litearthacht agus Uimhearthacht
  • Forbairt phearsanta agus shóisialta

Chomh maith leis an Teastas Sóisearach gheobhaidh daltaí a chríochnaíonn an clár Próifíl Dalta lena n-áirítear:

  • Deimhniú rannpháirtíochta
  • Próifíl Dalta
  • Cur síos ar an gclár
  • Teistiméireacht ón scoil

Sraith Shóisearach

In 2014, tugadh an tSraith Shóisearach nua isteach i scoileanna na hÉireann. As seo go ceann cúpla bliain feicfidh scoláirí ábhair agus gearrchúrsaí atá forbartha as an nua agus gheobhaidh siad amach go ndíreofar go mór ina gcuid foghlama ar phríomhscileanna agus ar fholláine.

Tá na curaclaim agus na sonraíochtaí measúnaithe gaolmhara le haghaidh ábhar (ar ar tugadh siollabais roimhe seo) á dtabhairt isteach ar bhonn céimithe mar a thugtar le fios sa chairt thíos.

ÁbhairRéimsí eileArna chur i láthair scoláirí na chéad bhliana i: Arna thaifeadadh ar PGSS den chéad uair i:
Céim 1: BéarlaMeán Fómhair 2014Fómhar 2017
Céim 2:
Eolaíocht
Staidéar Gnó
Meán Fómhair 2016Fómhar 2019
Céim 3:
Gaeilge
Ealaín,
Ceardaíocht
Dearadh
Nuatheangacha (Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis)
FolláineMeán Fómhair 2017Fómhar 2020
Céim 4:
Matamaitic
Eacnamaíocht Bhaile
Stair
Ceol
Tíreolaíocht
Meán Fómhair 2018Fómhar 2021
Céim 5:
Ábhair Theicneolaíochta (Teicneolaíocht Ábhar [Adhmad],
Grafaic Theicniúil, Miotalóireacht, Teicneolaíocht),
Oideachas Reiligiúnach
Meán Fómhair 2019Fómhar 2022

Córas na nGrád Sraith Sóiseraigh NUA

Teastas SóisearachSráith Sóisearaigh NUA
Leibhéal%Grád%Tuairisceoir Grád
≥ 85 to 100A≥ 90 to 100Gradam
≥ 70 and < 85B≥ 75 and < 90Ardtuillteanas
≥ 55 and < 70C≥ 55 and < 75Tuillteanas
Ard, Gnáth, Bonn≥ 40 and < 55D≥ 40 and < 55Gnóthaithe
≥ 25 and < 40E≥ 40 and < 55Gnóthaithe go páirteach
≥ 10 and < 25F≥ 40 and < 55Neamhghrádaithe
≥ 0 and < 10NG
*NB. Tá ard agus gnáth leibhéal i nGaeilge, Béarla agus Mata ach tá gach ábhair eile ag leibhéal comónta sa Shraith Sóisearaigh nua.

SEC Home – State Examination Commission

State Examination Commission, responsible for the development, assessment, accreditation and certification of the second-level examinations of the Irish state: the Junior Certificate and the Leaving Certificate.

https://www.examinations.ie/

Eolas ar an tSraith Shóisearach do Thuismitheoirí Scoláirí IarBhunscoile

Measúna agus Tuairisciú Leanúnach sa tSraith Shóisearach

Idirbhliain

Tá cláir na hidirbhliana bríomhar agus cruthaitheach agus tugann sé deis d’ár scoláirí chun fás, forbairt agus dul in aibíocht ar go leor bealaí. Bíonn siad ag plé le go leor imeachtaí, acadúil agus eile, a thugann deis dóibh freagracht a ghlacadh ar a gcuid foghlaim féin.

Buntáistí na hIdirbhliana

  • Tá leas faoi leith do na scoláirí mar tugann an bhliain deis dóibh chun iad fhéin a fhorbairt go pearsannta ar a dturas ó óigeantacht go saol mar dhuine fásta.
  • Bíonn deis ag na scoláirí a scileanna a chleachtadh I ngrúpaí; scileanna taighde a fhoghlaim agus scileanna tionscnaimh.
  • Bíonn na daltaí dírithe ar a gcuid staidéar mar foghlaimeoirí tríd an fhorbairt go ginearálta agus a chuid scileanna teicniúil agus acadúil.
  • Tagann aibíocht ar na daltaí I gcomhthéacs a chuid oibre, gairmeacha agus ag forbairt na scileanna oibre seo.
  • Tagann méadú ina aibíocht sóisialta ag dul I mbun deiseanna chun a scileanna cumarsáide, féin mhuinín agus féin dualgais a fhorbairt.
  • Tagann aibíocht faoi leith ar na daltaí ó thaobh aibíocht shóisialta ag forbairt scileanna chumarsáide agus níos mó taithí ar an domhan taobh amuigh den scoil.
  • Bíonn na daltaí in ann tabhairt faoi raon leathan ábhar agus cabhraíonn sé seo leis na hábhair a roghnaíonn siad don Ardteistiméireacht.
  • Bíonn sé le aithint ar na scoláirí tar éis an bhliain a chaitheamh san Idirbhliain, go mbíonn siad níos ullmhaithe le tabhairt faoi Clár na hÁrdteistiméarachta, agus níos freagraí as a gcuid oibre féin.
  • Tá fianaise ó na Choláistí triú leibhéal ag rá gur foghlaimeoirí níos iontaobhaí iad na scoláirí a bhfuil Idirbliain déanta acu.

GCAT

Is éard é Gairmchlár na hArdteistiméireachta ná Clár na Sraithe Sinsearaí de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, atá deartha chun gné láidir gairmoideachais a chur leis an Ardteistiméireacht (bunaithe). Nascann an clár buanna an staidéir acadúil le fócas nua agus dinimiciúil ar foghlaim fhéintreoraithe, fiontraíocht agus an pobal.

Tá deis uathúil ag daoine óga a dhéanann LCVP a gcuid scileanna idirphearsanta, gairmiúla agus teicneolaíochta a fhorbairt. Tá na scileanna sin chomh tábhachtach céanna do riachtanais na ndaltaí sin atá ag ullmhú do bhreisoideachas, atá ag lorg fostaíochta nó a bhfuil sé beartaithe acu tús a chur lena ngnó féin amach anseo.

Measúnú ar na Nascmhodúil

Leanann daltaí LCVP na siollabais ábhar chéanna agus déantar iad a mheasúnú ar an mbealach céanna lena gcuid piaraí san Ardteistiméireacht. Le haghaidh na nascmhodúl déantar iad a mheasúnú trí Scrúdú Scríofa (40%) agus trí Phunann Obair Chúrsa (60%).

Ní mór an Punann Obair Chúrsa a chur isteach ar an gcéad Chéadaoin i mí an Mhárta. Bíonn an scrúdú scríofa ar siúl ar an gcéad Chéadaoin i mí na Bealtaine de bhliain na hArdteistiméireachta. Maireann an scrúdú dhá uair an chloig go leath agus tá sé comhdhéanta de trí chuid a ndéantar cur síos orthu thíos.

Seo a leanas struchtúr an Scrúdaithe Scríofa:

Cuid A Cur i láthair closamhairc

Cuid B Cás-Staidéar (arna fháil roimh ré ag daltaí)

Cuid C Ceisteanna Ginearálta (4 amach as 6) Is ionann an Punann d’Obair Chúrsa agus 60% de na marcanna iomlána. Cuireann na daltaí an punann le chéile thar thréimhse dhá bhliain an chláir agus déantar é a mheasúnú ag deireadh na bliana deireanaí den Ardteistiméireacht. Déanann an Roinn Oideachais agus Scileanna an Punann agus an Scrúdú Scríofa a mheasúnú go seachtrach.

Aithníonn na hInstitiúidí Teicneolaíochta na Nascmhodúl chun críocha pointí ag an hInstitiúidí Teicneolaíochta agus Ollscoileanna. Is mar seo a leanas a dháiltear na pointí:

 

GrádOllscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta
Pas le Gradam
Pas le Tuillteanas
Pas
70 pointe
50 pointe
30 pointe

Ardteistiméireacht

Gaeilge
Béarla
Matamaitic
Bitheolaíocht
L.C.V.P (Gairmchlár na hArdteistiméireachta)

 

Ábhair Roghnacha

Staidéar Foirgníochta
Tíreolaíocht
Fraincis
Innealtóireacht
Ceol
Grafaic Dheartha agus Chumarsáide
Eacnamaíocht Bhaile

 

Ábhair nach ábhair scrúdaithe iad

Gairmthreoir
R.S.E (Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta)
Corpoideachas

SEC Home – State Examination Commission

State Examination Commission, responsible for the development, assessment, accreditation and certification of the second-level examinations of the Irish state: the Junior Certificate and the Leaving Certificate.

https://www.examinations.ie/