Luach an Tumoideachas Gaeilge

Luach an Tumoideachas Gaeilge

Beidh go leor buntáistí fadtéarmacha ann do do pháiste toisc an rogha atá déanta ag an teaghlach oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil – beidh scileanna cumarsáide aige nó aici in dhá theanga, deiseanna breise fostaíochta, beidh sé níos éasca air nó uirthi teangacha eile a fhoghlaim agus beidh neart buntáistí sóisialta eile ann.

Cognaíoch

  • Éiríonn le scoláirí smaoineamh ar bhealaí níos cruthaithí.
  • Bíonn scileanna cuimhne níos fearr acu. Léiríonn taighde gur féidir leis an dátheangachas moill a chur ar ghalar Alzhelmer.
  • Bíonn scoláirí níos fearr ag tabhairt airde, ag díriú ar thascanna & á gcur i gcrích.

Líofacht agus litearthacht i ndá theanga.

  • Forbraíonn páistí líofacht agus litearthacht sa Ghaeilge & sa Bhéarla ar scoil.
  • Tuiscint níos fearr acu ar na bunchlocha teanga: gramadach, déanamh focal, ord abairte.
  • Níos éasca do na páistí teangacha eile a fhoghlaim leis na scileanna litearthachta atá sealbhaithe acu.
  • Scileanna inaistrithe iad seo gur féidir a chur i bhfeidhm i dteangacha eile.

Scileanna Cumarsáide

  • Scileanna éisteachta & cumarsáide níos éifeachtaí ag scoláirí.
  • Níos fearr in ann iad féin a chur in iúl agus níos fearr in ann daoine eile a thuiscint.

Muinín agus Féiniúlacht

  • Níos mó teagmhála ag na scoláirí le cultúir éagsúla & bíonn meas níos mó acu orthu.
  • Spreagtar ilchultúrachas. Bíonn féinfheasacht níos fearr acu.

Gnóthachtáil san Oideachas

  • Gnóthachtáil níos airde sa Bhéarla & sa Mhata araon ag scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge.
  • Is mó seans go gcuirtear curaclam níos leithne ar fáil i mbunscoileanna lán-Ghaeilge ná mar a chuirtear ar fáil i scoileanna eile.
  • Bronntar marcanna breise ar iarrthóirí a fhreagraíonn scrúdú scríofa Ardteiste trí Ghaeilge.
  • Is buntáiste í líofacht sa Ghaeilge chun fostaíocht a fháil sna earnáil phríobháideach , earnáil phoiblí agus sna meáin (Peig.ie).

Tumoideachas & Tacaíocht i nGaelcholáiste Chomáin

Cuireann muid tacaíocht sa bhreis ar fáil do scoláirí nach bhfuil compórdach leis an nGaeilge agus déanann muid gach uile iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach spraíúil.

San áireamh:

  • Club Gaeilge
  • Is Leor Beirt’ Meantóir Gaeilge
  • Cúntóir Teanga
  • Cabhair Breise
  • Cúrsa Ionduchtú Bl 1
  • Scoláireacht chuig an nGaeltacht

Ceisteanna Coitianta

An gá dom Gaeilge a bheith agam le mo pháiste a chlárú sa scoil?

Ní gá. Cuirtear fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga agus ó gach cultúr. Is féidir spreagadh a thabhairt do do pháiste an Ghaeilge a shealbhú fiú mura bhfuil líofacht sa teanga agat féin. An cúnamh is mó gur féidir a thabhairt do do pháiste agus iad ag freastal ar scoil ná meon dearfach agus spreagúil maidir leis an scoil agus an Ghaeilge a léiriú dóibh. Cabhróidh sé le do pháiste má thuigeann siad go bhfuil tú bródúil astu agus go bhfuil suim agat ina bhfuil ar siúl acu. 

Cén buntáiste atá ag an tumoideachas do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile?

Tugann an córas tumoideachais deis do chainteoirí dúchais tógáil ar an stór Gaeilge atá acu cheana, agus í a shaibhriú. Tugann an impeallacht lán-Ghaeilge sa seomra ranga agus taobh amuigh de tacaíocht laethúil d’úsáid na Gaeilge sa bhaile.

An mbeidh tionchar ag an tumoideachas ar chumas Béarla mo pháiste?

Bíonn tionchar dearfach ag an tumoideachas trí mheán na Gaeilge ar líofacht na ndaltaí sa Bhéarla. Cuireann sé le cumais daltaí i dteangacha eile (lena n-áirítear Béarla) seachas aon bhac a chur orthu. Ní gá do thuismitheoirí a bheith buartha faoi chumas na ndaltaí má roghnaíonn siad leanúint ar aghaidh le staidéar ag an tríú leibhéal, mar go bhfuil na scileanna a fhorbraíonn na daltaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile inaistrithe go dtí a n-oideachas tríú leibhéal. Ní bhíonn deacracht ag daltaí dul i ngleic le téarmaíocht i mBéarla mar tá tuiscint forbartha acu cheana féin ar na coincheapa a mbeidh de dhíth uathu le staidéar a dhéanamh ar an ábhar.

An bhfuil tumoideacheas lán-Ghaeilge oiriúnach do dhaltai a bhfuil riachtanais speisialta acu?

Freastalaíonn Coláiste Chomáin ar dhaltaí le riachtanais speisialta fhisiciúla agus oideachasúla; daltaí le deacrachtaí radhairc agus éisteachta, neamhoird de chuid speictream an uathachais, disléicse, agus riachtanais speisialta oideachais eile. Cuirtear na tacaíochtaí céanna ar fáil do na daltaí seo is a chuirtear ar fáil i scoileanna meán-Bhéarla.

Maítear nach ndéanann an tumoideachas dochar do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais agus dearbhaíonn tuairisc ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta in 2011 go dtacaíonn an córas le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus idirphearsanta.

An mbeidh mé in ann cúnamh a thabhairt do mo pháiste leis an obhair bhaile?

Aithníonn muid an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i ngach gné d’oideachas a bpáistí, obair bhaile san áireamh. Tuigeann ár múinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa ag gach tuismitheoir agus tugtar obair bhaile d’fhonn treisiú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha ag an dalta le linn am scoile.

Beidh do pháiste in ann an obair bhaile a thugtar dóibh a mhíniú duit sa teanga a úsáideann sibh le chéile sa bhaile. Cabhróidh sé go mór le do pháiste má léiríonn tú dóibh go bhfuil fíorspéis agat sa sealbhú teanga agus an dul chun cinn atá ar bun acu.

An gá go mbeadh mo pháiste ag freastal ar bhunscoil lan-Ghaeilge le háit a fháil i gColaiste Muire?

Ní gá. Freatalaíonn go leor scoláirí ar CholáisteChomáin nach ndearna a gcuid oideachais bunleibhéal trí Ghaeilge. Cuireann muid fáilte roimh na daoine óga seo agus cuireann muid tacaíocht sa bhreis ar fáil le cinntiú go socraíonn siad isteach sa chóras tumoideachais. Tá go leor cleasanna agus acmhainní ag na múinteoirí a úsáideann siad sa seomra ranga le cinntiú go bhfuil an duine óg sona sásta agus rannpháirteach san obair atá ar siúl, agus go dtuigeann siad a chéile. Rachaidh siad i dtaithí ar an tumoideachas go tapa agus imeoidh a gcuid imní.  Léiríonn taighde go ngnóthaíonn daltaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a tháinig ó bhunscoileanna meán-Bhéarla torthaí chomh hard céanna i nGaeilge agus sa Mhata sa Teastas Sóisearach le daltaí a tháinig ó
bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

An bhfuil leabhair agus áiseanna ar fáil do na daltai i nGaeilge?

Tá. Cruthaíonn na múinteoirí acmhainní don seomra ranga agus tá teacht ar go leor leabhair le cúnamh a thabhairt don scoláire. Cuireann COGG (An Comhairle um Oideachas Gaeltacht agus Gaelscolaíochta) áiseanna teagaisc agus seirbhísí tacaíochta ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus tá eolaire d’áiseanna teagaisc ar fáil acu anseo.

An mbeidh na deiseanna ceanna ar fáil do na daltaí lasmuigh den seomra ranga is a bheadh i scoil mean-Bhearla?

Beidh, agus breis! Níl aon bhac ar scoileanna lán-Ghaeilge bheith rannpháirteach in imeachtaí náisiúnta, agus cuireann leithéidí comórtas an Eolaí Óg duais ar leith ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt trí mheán na Gaeilge. Tá rogha leathan imeachtaí ar fáil chomh maith atá dírithe ar dhaltaí na scoileanna lán Ghaeilge amháin; imeachtaí spóirt, díospóireachta, drámaíochta, ceoil agus eile.