Eolas Tuismitheora

Way 2 Pay

You can pay your school fees via Way 2 Pay, which is an income collection system for schools.

Way 2 Pay

Oideachas Speisialta

Tá Gaelcholáiste Chomáin tiomanta go hiomlán maidir le cuimsiú gach dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais chomh maith le riachtanais foghlama ghinearálta. Cuirtear in iúl do thuismitheoirí roimh chláraithe go ndéantar an teagasc i nGaelcholáiste Chomáin trí mheán na Gaeilge agus go gcaithfidh gach dalta a bheith líofa nó go mbeidh siad in ann líofacht a thógáil ar chomhlíonadh clár tumoideachais ceithre mhí. Mar chuid de ráiteas misin na scoile, feiceann Gaelcholáiste Chomáin é féin mar a bheadh pobal ina bhfuil creat a fhreastalaíonn agus a dhéanann ceiliúradh ar na héagsúlachtaí idir daoine aonair.

Seirbhísí Tacaíochta

Seo a leanas na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil do Dhaltaí agus do Thuismitheoirí i nGaelcholáiste Chomáin:

  • Oifigeach teagmhála baile, scoile agus an phobail
  • Clár Críochnaithe Scolaíochta
  • Foireann Chúraim
  • Riachtanais Speisialta Oideachais
  • Tacaíocht Teanga do Dhaltaí/do Thuismitheoirí

Aidhmeanna Oifigeach Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail

Seo a leanas aidhmeanna na scéime teagmhála:

  • Rannpháirtíocht na leanaí sa phróiseas foghlama a uasmhéadú, go háirithe do na daltaí sin a bhfuil baol ann go dteipfidh orthu.
  • Comhoibriú gníomhach idir an baile, an scoil agus na gníomhaireachtaí pobail ábhartha a chur chun cinn chun leasanna oideachais na leanaí a chur chun cinn.
  • Feasacht ar a gcumais féin a ardú i measc tuismitheoirí chun dul chun cinn oideachasúil a gcuid leanaí a fheabhsú agus chun cabhrú leo scileanna ábhartha a fhorbairt.
  • An méid a fhaigheann leanaí ón oideachas agus a gcoimeád sa chóras oideachais a fheabhsú, go leanfaidh siad ar aghaidh chuig oideachas iaréigeantach agus chuig tríú leibhéal agus a ndearcaí i leith foghlama fadsaoil a fheabhsú.
  • Torthaí dearfacha na scéime a scaipeadh ar fud an chórais scoile i gcoitinne.

Clár Críochnaithe Scolaíochta

Is Tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an Clár a bhfuil sé mar aidhm aige tionchar dearfach a bheith aige ar an leibhéal coinneála daltaí sa scoil ar ar líon na ndaltaí a chríochnaíonn an tSraith Shinsearach nó a comhionann go rathúil. Oibríonn an tionscadal le seacht scoil i gceantar Mhaigh Eo Thuaidh agus cuireann sé tacaíocht Scoile, Tar Éis na Scoile, Lasmuigh den Scoil agus Saoire ar fáil. Seo a leanas roinnt de na cláir atá ar fáil do dhaltaí Ghaelcholáiste Chomáin.

Tacaíocht Aonair

Tá teacht ag Gaelcholáiste Chomáin ar dhuine de na hOibrithe Tionscadail SCP lá amháin in aghaidh na seachtaine. Bíonn sí ar fáil chun bualadh leis na daltaí agus tacú leo le deacrachtaí a eascraíonn agus a d’fhéadfadh a bheith ag cur bac orthu a gcumas iomlán a bhaint amach nó a bheith páirteach go héifeachtach sa scoil. Cuireann an tOibrí Tionscadail tacaíocht ar fáil maidir le tinreamh, obair bhaile, iompar, féin-mheas, scileanna sóisialta agus forbairt phearsanta.

Comhairleoireacht

Tá teacht ag an gClár Críochnaithe Scolaíochta ar Chomhairleoirí a bhuaileann le daltaí agus a labhraíonn leo nuair a bhíonn deacrachtaí acu a dteastaíonn cúnamh breise uathu leo.

Teagasc Breise

Cuirtear teagasc breise ar fáil trí SCP nuair a bhíonn tacaíocht acadúil bhreise ag teastáil uathu chun a gcumas iomlán a bhaint amach. Uaireanta déanann an teagasc breise duine le duine nó grúpa beag difríocht mhór do dhalta ó thaobh muinín sa seomra ranga a mhéadú, tacú leo chun tasc a chríochnú nó scrúdú a dhéanamh.

De ghnáth díríonn an tacaíocht ar uimhearthacht agus litearthacht ach is féidir tuilleadh teagaisc a chur ar fáil in ábhair eile ag brath ar riachtanais gach dalta aonair.

Scileanna Staidéir

Tugtar isteach leis an gclár modhanna agus straitéisí éagsúla chun cabhrú le staidéar féin gach dalta a eagrú agus a bhainistiú mar ullmhúchán do scrúduithe. Aistrítear teicnící cosúil le meabhairmhapáil, teicnící cuimhne agus stíleanna foghlama mar straitéisí praiticiúla atá daltaí in ann a fhostú chun cabhrú leo staidéar agus dá réir sin cabhrú leo an Ardteistiméireacht is fearr is féidir a bhaint amach.

Campa Samhraidh

Gach bliain tugtar cuireadh do dhaltaí a bheidh ag tosú sa chéad bhliain a bheith rannpháirteach i gCampa Samhraidh sa scoil i rith mhí Lúnasa. Bíonn an campa sin an-tairbheach ó thaobh an t-aistriú ón mBunscoil go dtí Iarbhunscoil a dhéanamh níos éasca do dhaltaí. Faigheann daltaí deis nasc a dhéanamh lena bpiaraí i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil sula dtosaíonn siad go hoifigiúil sa scoil. Tá an ‘chéad lá’ sin in ann a bheith scanrúil do roinnt daltaí. Corpraíonn an campa meascán de ghníomhaíochtaí oideachais, teangeolaíochta agus áineasa ar nós cócaireacht, spórt, cluichí, tráth na gceist, ealaíona agus ceardaíocht agus cleachtaí tógála foirne.

Foireann Chúraim

Buaileann foireann chúraim na scoile le chéile gach seachtain chun riachtanais aonair na ndaltaí a phlé de réir mar a eascraíonn siad. Déanann an Fhoireann Chúraim athbhreithniú ar atreoruithe roimhe seo lena chinntiú go bhfuiltear ag leanúint suas ar riachtanais na ndaltaí agus go bhfuil aghaidh á thabhairt orthu dá réir sin, agus aird chuí a thabhairt ar bheartas reachtaíochta maidir le saincheisteanna leasa leanaí. Tá an Fhoireann Chúraim comhdhéanta de:

  • Príomhoide
  • Múinteoir Gairmthreorach
  • Oifigeach HSCL
  • Comhordaitheoir JCSP
  • Oibrí Tionscadail SCP

 

Tacaíocht Teanga do Dhaltaí/do Thuismitheoirí

Tugann Gaelcholáiste Chomáin spreagadh do thuismitheoirí an t-am ar fad chun tacaíocht a thabhairt dá leanaí agus do chlár oideachais na scoile. Tugaimid spreagadh do thuismitheoirí a bheith gníomhach in oideachas a gcuid leanaí. Eagróidh an scoil ranganna Gaeilge do thuismitheoirí a chabhróidh leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. D’fhéadfaí ranganna breise a chur ar fáil do dhaltaí a mheasann go bhfuil tacaíocht uathu chun líofacht iomlán sa Ghaeilge a bhaint amach.

Scéim Leabhair ar Cíos

Beidh an scéim cíosa leabhar ar fáil do gach dalta sula dtosaíonn siad bliain acadúil nua. Seo a leanas na ranníocaíochtaí chuig an scéim.

  • 1úBliain €70
  • 2ú Bliain €70
  • 3ú Bliain €70
  • Idirbhliain €50
  • 5ú Bliain €80
  • 6ú Bliain €80

Ní mór gach íocaíocht maidir leis a scéim cíosa leabhar a dhéanamh faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair. Ní mór go mbeadh siad seo a leanas ina seilbh ag daltaí don bhliain acacúil amach romhainn:

  • Áireamhán Eolaíoch
  • Tacar Matamaitice
  • Foclóirí Béarla, Gaeilge agus Fraincise
  • Cás Pinn Luaidhe (lena n-áirítear pinn, pinn luaidhe)
  • Cóipleabhar Eolaíochta faoi Chlúdach Crua (teastaíonn péire ó na dhaltaí sa 1ú bliain, péire ó na daltaí sa 5ú bliain, tá cóipleabhair ar chlúdach crua ag na daltaí go léir eile cheana féin)
  • Trealamh Líníochta (maidir le daltaí atá ag déanamh staidéir ar ghrafaic theicniúil agus DCG agus sin amháin)
  • Rialóir Cruach – Daltaí a dhéanann Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad) + Teicneolaíocht (Miotal) agus sin amháin.

Táille Taisceadán na nDaltaí

Cuirtear taisceadán ar fáil do gach dalta i nGaelcholáiste Chomáin. Tá éarlais €10 i gceist atá iníoctha ag tús gach scoilbhliana. Aisíoctar an éarlais ag deireadh na bliana ar choinníoll go bhfuil an taisceadán coinnithe néata.

Staidéar um Thrathnóna

Cuirtear Staidéar Tráthnóna ar fáil mar chuid de Chlár Críochnaithe Scolaíochta Mhaigh Eo Thuaidh. Féadfaidh daltaí an deis sin a thógáil staidéar a dhéanamh i dtimpeallacht atá oiriúnach dá riachtanais.

Bíonn Staidéar Tráthnóna ar siúl gach Máirt agus Déardaoin ón 4.00pm – 5.30pm. Déanann comhaltaí ón bhfoireann múinteoireachta maoirseacht ar an staidéar sin agus tá siad ar fáil chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt má gá.

Éide Scoile

Tá éide Scoile Ghaelcholáiste Chomáin comhdhéanta de:

  • Geansaí le Suaitheantas na Scoile
  • Bríste Liath
  • Léine Bhánghorm

Idirbliain:

  • Húdaí le Suaitheantas na Scoile
  • Bríste Liath

Ní bhíonn seaicéad spóirt le suaitheantas le caitheamh ach amháin ag imeachtaí spóirt. NÍ MÓR Éide Scoile Iomlána a chaitheamh i gcónaí lena n-áirítear turais scoile mura gceadaíonn an Bhainistíocht a mhalairt.

Am Scoile / Amchlár

Bíonn 9 ranganna ag na daltaí ón Luan go Déardaoin ag tosú ag 09:00 agus ag críochnú ag 15:55 agus
6 ranganna Dé hAoine ag tosú ag 09:00 agus ag críochnú ag 13:20.

 

Luan-DéardaoinAoine
09:00-09:05 (Cúram Tréadach)09:00-09:05 (Cúram Tréadach)
 09:05-09:45 09:05-09:45
 09:45-10:25 09:45-10:25
10:25-11:0510:25-11:05
11:05-11:20 (Sos)11:05-11:20 (Lón)
11:20-12:0011:20-12:00
11:20-12:0011:20-12:00
 12:40-13:2012:40-13:20
13:20-13:55 (Lón)
13:55-14:35

14:35-15:15

15:15-15:55

Polasaithe