Imeachtaí
STEAM
Tá sé mar sprioc ag Gaelcholáiste Chomáin go nglacann daltaí páirt sna comórtais náisiúnta eolaíochta cosúil le Scifest agus BT Eolaí Óg, Dúshlán MATHletes, comórtas ealaíne agus innealtóireachta. Táimid fíor bhródúil go bhfuil go leor iomaitheoirí agus buaiteoirí STEAM le taithí dhearfacha i measc na daltaí i nGaelcholáiste Chomáin thar na blianta.
Ceol & Dramaíocht
Tá ról mór ag an Ceol agus Dráma I nGaelcholáiste Chomáin. Tá Ceol mar ábhair roghnach ar an churaclam scoile. Cuirtear ceolchoirm ar siúl gach Nollag agus deis ag na scoláirí uilig páirt a ghlacadh ann. Soláthraíonn sé seo deis do na daltaí go léir sa scoil a gcuid scileanna ceoil agus aisteoireachta a dhéanamh foirfe. Bíonn léiriúchán na Nollaig an rathúil, tarraingíonn an cheolchoirm go leor daoine ó phobal na Scoile gach bliain. Ó thaobh an Drámaíocht de, léiríonn an Idirbhliain dráma as Gaeilge gach bliain agus cuirtear ar stáitse in Áras Inis Gluaire é I rith Seachtain na Gaeilge.
Peil Gaelach & Sacar
Bíonn daltaí na scoile seo san iomaíocht i gcomórtais Mhaigh Eo agus Chonnacht chomh maith le bheith páirteach i mblitzchomórtais a bhíonn ar siúl i rith na scoilbhliana.
Tá foireann buachaillí agus cailíní ag imirt sacair do Ghaelcholáiste Chomáin.
Tá na foirne sacair ag dul ó neart go neart sa scoil ó cuireadh tús leis. Cuirtear isteach ar chomórtas scoileanna an F.A.I. gach bliain. Glacann an scoil páirt in go leor laethanta blitz i rith na bliana ar “Astroturf” nó sna hallaí spóirt áitiúla. Ar an gcaoi sin, cinntítear go mbíonn neart cluichí againn.
Leadóg Bhoird
Tosaíonn an traenáil sa gheimhridh le áiseanna den scoth chun tús áite a thabhairt don chluiche seo.
Púl
Tá Iorras cáiliúil i gcóir go leor rudaí: ceann acu sin ná a n-imreoirí phúil. Glacann Gaelcholáiste Chomáin páirt I gcomórtais Tuaisceart Mhaigh Eo idir bhuachaillí agus chailíní gach uile bhliain agus éiríonn go maith linn. Tá an chorn buaite againn ar dhá ócáid go dtí seo agus ní scaoilfaidh muid uainn é go h-éasca arís.
Díospóireachtaí
Seachtain na Gaeilge
Is ceiliúradh bliantúil é Seachtain na Gaeilge. I nGaelcholáiste Chomáin creidimid go bhfuil sé tábhachtach an ócáid seo a cheiliúradh agus deis a thabhairt don teanga Gaelach a fhorbairt trí bealaí difriúil, ag spreagadh eachtraí shóisialta, acadúil agus ealaíne.
Spreagann muid Seachtain na Gaeilge ar bhealaí éagsúla:
- Díospóireachtaí Gaeilge
- Dráma trí Gaeilge
- Cór
- Tráth na gceist
- Céilithe
- Gearr-scannáin Gaeilge
- Comórtas Ealaíne bunaithe ar seanfhocal Ghaeilge
- Clár Raidió trí mhean na Gaeilge.
- Cluichí scoile
- Siúlóidí Stairiúla sa cheantar aitiúil
Gaeilge 24
Trí ghníonhachtáí éagsúla, Cuideofar le hintinn na ndaoine óga a oscailt agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin. Freisin, is deis faoi leith atá ann an Ghaeilge a thógáil amach ón seomra ranga Gaeilge.